School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 333
- XML “An Fear nár Crochadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear iongantach bocht a bhí ann a bhí ina chomhnuidhe cómhgharach ag Leithbhearr.Bhí bean agus sgaifte mór páisdí aige. Bhíodh sé ag obair ag seanduine a bhíodh i gcomhnuidhe ar shiubhal ar aontaighibh ag díol agus ag ceannacht.
Lá amháin ní raibh faic le hithe aca 'sa bhaile ag imtheacht dó ar maidin agus rinne sé amach go ngoidfeadh sé cúpla cloch préataí le tabhairt 'na bhaile leis.
Nuair a bí sé a'baint an bhaile amach casadh an seanduine air a phill níos luaithe nó ba ghnáthach leis.Chuir sé ceist ar an fhear bhocht caidé a bhí leis sa mhála agus ar ndóigh shaoil sé go leigfidhe leis é nuair a d'innis sé go raibh an t-ocras dubh ar a mhnaoi agus a chloinn.Ach ní dhearn an seanduine ach é a thabhairt leis arais go Leithbhearr agus a fhághail gaibhte. Cuireadh breitheamhnas crochta air nó ins an am seo mara ndéanfá ach cnaipe casóige a ghoid chrochfaidhe tú. Ghuidh sé agus dhiogar ( d'agair) sé ar fhear(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Proinnseas Ua Braonáin
- Gender
- Male
- Address
- An Sealgán Mór, Co. Donegal