School: An Sealgán (roll number 6781)

Location:
An Sealgán Beag, Co. Donegal
Teacher:
Rois Ní Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 335

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 335

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sealgán
  2. XML Page 335
  3. XML “An Fear nár Crochadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'fhág agus d'imigh leis un na phríosúin. Leig an fear isteach é agus é sásta go maith gur phill sé. Ins an am seo is indiaidh a dó dhéag a chrochtaí na príosúnaigh. Bhí na siaghdiúiri ar a mbealach chun a chrochta nuair a tháinig an seanduine suas leo agus é ag baint splanncacha teineadh as na clochaibh agus tharraing a shréin agus d'iarr orra pilleadh leisean nó go raibh an fear ceannan céadna indiaidh ceithre chéad punnt a thabhairt leis agus fhad agus bhí seisean a fághail a bheithigh réidh gur imthigh sé.
    "Amaidigh!" arsa an t-oifigeach," ar ndóigh tá sinne ag dul anois leis an fhear a chrochadh agus caidé mar thiocfadh leis a bheith agatsa." Mhionnaigh an seanduine agus stróc sé a chuid gruaige ag rádh go n-imtheochadh an gadaidhe orra. Ach d'iarr an t-oifigeach air teacht leo agus mara raibh an fear 'sa' phríosún go gcuirfeadh sé amach an méid saighdiúr a bhí faoi agus go gcrochfadh sé fear a phríosúin ina áit. Ach má tá sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Rois Ní Bhraonáin
    Gender
    Female
    Informant
    Proinnseas Ua Braonáin
    Gender
    Male
    Address
    An Sealgán Mór, Co. Donegal