School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ach níor chuir sin beag uachtach ar bith ar Sheán.
Ar maidin seoladh amach na ba agus in áit iad a chur isteach in gáraidh an ríogh chuir Seán isteach in gáraidh na bhfathach iad. Ní raibh ann ach go raibh siad istigh nuair a tháinig an fáthach amach agus thoisigh sé féin agus Seán a' corraidheacht. Tamall fada daobhtha ar an obair seo go dtí sa deireadh thug Seán cor coise dó agus nuair a bhí sé ag tuitim bhain sé an ceann do.
Rinne sé an cleas céadna leis an dá fháthach eile agus ar an tríomhadh lá ní raibh fáthach ar bith beo ach bhí máthair na bhfáthach beo. Ba ise a balLáidre de'n iomlán; bhí cár fiacal aici a raibh troigh de fhad ionnta.
Nuair a tháinig sí amach dubhairt sí le Seán " Is tusa an bitheamhnach a mharbhuigh mo mhic ach bainfidh mise sásadh asat. Thoisigh sí 'rith indiaidh Sheáin agus chongbhuigh Seán í ar an rása go raibh si sáruighthe amach(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mhac Gloinn
- Gender
- Male
- Address
- Loch Eirg, Co. Donegal