Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 393
- XML “Conall agus Dállan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí mainnistear mor ag Naomh Chonail ar oileán Innis Caoil agus bhí morán mánach beo ann. Bhí fear amháin iongantach naomhtha ann darb' ainm Dállan. D'iarr se aithchuinge ar Dhia é bheith curtha taobh le Conall nuair a gheobhadh se bás agus da bhfuightheadh se bás roimc Chonnall é a bheith curtha in uaigh Chonaill. Thug Dia freagar air.Lá amháin nuair a bhí na mánaigh uilig ag na cuid urnaighe, thainig long agus brat uirri isteach ó'n fhairrge. Theith na mánaig agus chuaidh i bhfolach ach ní rabh Dállan bocht comh gasta leis an chuid eile agus beireadh air.Mharbhuigh na creachadóirí é agus bhain a cheann de agus chaith an ceann amach 'san fhairrge. Chreach siad an mainistear annsain agus thug leo achan rud maith a fuair siad.Nuair a bhí siad imthighthe thainig na manaig arais agus chaoin Conall go cruagheánta os cionn(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ua Braonáin
- Inscne
- Fireann