School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 396
- XML “Scéal Thobar Chonaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal Thobar Chonaill
Sa tobar bheannuighthe ar “Innis Caoil” Tobar Chonaill a bheirtear air agus tá leigheas mór ins an uisge. Duine ar bith ata bacach nó creapailte “gur a gnideas Turas Chonaill” agus a thógas cuid le uisce an tobair agus a ólfas é gheobhaidh sé biseach.
Am amháin tháinig cailín an-dóigheamhail ag déanamh an turais. Bhí sí bacach agus bhí sa croisín léite le rudaibh an-ghalanta a raibh fáinne óir ortha.
Rinne sé an turas agus fuair biseach. D’fhág sí an croisín agus in a siaidh mar ghnidheadh achan duine agus d’imthigh leite comh gasta le cú eile ní luaite sa bhaile í na smaointigh sí gur mór a truaighe na croisín bréagha fágail amuigh ar an oileán le loghú. Phill sí agus níor luaite a bhí na croisíní tógtha aici nó d’éirigh sí comh bacach agus bhí ariamh. Ní fhios ag duine ar bith caidé d’éirigh di ina dhiaidh sin.
Bhí fear saibhdhear gallda i gConnacht agus chualaidh seisean iomrád ar Tobar Chonaill agus tháinig anuas le na coisde le leigheas a fhágail creapáilte a bhí sé. Bhí giománach leis agus chuartaigh seisean thárt aige bhfuair ré bean a seánfadh an tú dár dó dubhairt sé go ndíolfadh go minic í ar rón a dhéanta.
Rinne sí an turas ar sulár thoisigh sí dubhairt rí “ A Chonaill tá mé dhul a dhéanamh do thurais go Albanach shalach atá mé ag iarraidh brígh do thurais ach imaithe le do chlú féin a sheasamh.
Nuair a bhí an turas déanta, d’éirigh an fear gallda comhár, óg, gorta agus bhí ariamh ghabhail sé go Chonnacht in áit dhul ar an chóisde.
Ag an Chormac Uí Chinnéide (R.T.P) sagart paróisde Innis Caoil agus ag Proinnseas Uí Braonáin An Sealgán.
R Ní B
Scoil: An Sealgán
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall,
Múinteoir: Rois Ní Bhraonáin
Bailitheoir = Rois Ní ChonaillFaisnitheoir = Canónach Ua Cinneide(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Braonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Canónach Ua Cinneide
- Gender
- Male
- Occupation
- Sagart
- Address
- Inishkeel, Co. Donegal
- Informant
- Proinnseas Ua Braonáin
- Gender
- Male
- Address
- An Sealgán Mór, Co. Donegal