School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 424
- XML “Na Trí Comhairleacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)níor fágadh tom no luibh dí nár dóigheadh, níor bhfiú an bheirt a raibh ag caint leisean tamall roimhe sin.
Shiubhail sé leis ach d'eirigh se comh mall sin go dteachaidh sé fhad leis an chéad solas a chonnaic sé.D'iarr sé lóisdín go maidin agus fuair. D'fhág sé a bheart uadh agus shuidh síos. Ní raibh le feiceal ach seanduine agus bean óg. Thoisigh an seanduine a chur a thuairisce agus fhad 's a bhí sé ag innse fa na thaoibh féin chonnaic sé an bhean óg ag an doras ag cainnt le fear eile agus chualaidh sé an fear ag rádh. " Mairbhfidh muid anocht é." Char raibh fhios aige ciaca é féin nó an seanduine a raibh an chainnt fa dtaoibh de ach smaointigh sé ar an darna comhairle. Go mbeadh sé cinnte chuir sé ceist ar an tseanduine " an ingean duit an bhean óg?"
" Chan eadh, maise, ach mo bhean. Tá muid pósta mí." Comh luath agus chualaidh sé sin bheir sé ar a bheart agus as go bráth as. Shiubhail sé leis(continues on next page)