Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 038
- XML “Seantithe”
- XML “Seantithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus tiocfadh siad le solus na teineadh. Nuair an thiocfadh aimsir dhoinneanta ní rabh gloine ar bith ‘sna fuinneógaí.
- Na sean toighthe a bhí acu fadó bhí siad an-fhada agus ní rabh siad ró-árd. Bhí an chisteanach fada agus an t-eallach ceangailte shíos í gcionn an toighe. Bheadh na cearca achan áit fríd an teach. Siad na doirse a bheadh aca slatacha agus dreasógaí fríd a chéile “sgeith” an t-ainm a bhí air.
Bheadh áit na fuinneóige sna toighthe uilig agus sap no croiceann caorach ann agus nuair a thiocfaidhe lá maith caithfidhe amach é go dtí an oidhche.
Ní rabh simléar ar bith ar na toighthe fadó. Bhiodh an teine faduighthe suas leis an bhalla agus pholl ar bharr an toighe díreach os cionn na teineadh. Bhiodh an teac lán toite ar fad. Bheadh áit amach as an bhalla san chisteanach fá choinne leabaidh “leabaidh na clúdaighe” an t-ainm a bheirfidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)