School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 039
- XML “Seantithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)air. Na daoine a ba shine a codhladhadh ann í gcomhnuidhe. Bheadh an dreisúir deanta san bhalla fosta. Ní rabh taiblí ar bith ag na daoine. Teach amhain ar an bhaile a mbeadh tabla ann, agus dá mbeadh srainsaer no Sagart ag teacht go dtí teach ar bith ar an bhaile, gheibhfidhe iasacht an tabla sin go n-imtheochfadh siad [ara]? Ní rabh cathaoireacha ar bith acu ach oiread, suidhistéog, stól trí cos, no cupla fód monaidh an áit suidhe a bheadh acu.
Lósaid agus é ina shuidhe ar phota an tabla a bhiodh acu fá choinne a n-dinnéar a dheanamh air. Ní rabh lampaí ar bith ann sna laethe úd. Bheirfidhe isteach [uchta]? fraoich roimhe an oidhche agus do mbeadh solas ar bith a dhioghbhail fríd an teach chuirfidhe giota de san teinidh. Daoine a mbeadh obair ar bith le déanamh acu [cniotal no fuigheal] bheadh coinnle acu a gnidheadh siad fhéin. Bhainfidhe feaga agus chumailfidhe i mbáladh é [geir no im]. annsin lasfaidh é.