School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 068
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)solais acu.
Ropoí Giuimhaise.
Rachadh na fir amach no phortaigh agus thogfádh siad stacain mhóra, fada giuimhaise. Annsin ghearrfadh siad slisreacha móra fada dobhtha agus pleataladh siad iad go mbeadh rópa mór fada dheanta acu. Fa choinne cailligh faimrighe a bheadh na ropaí seo acu ach ba gnathach leobhtha iad a chur ar an theach in aimsir doininne.
Coróin Mhuire.
Bhí na Coróin-Mhuire iongantach gann i bfada o shoin agus ní bfuighthea ceann gan díol go daor ar a shon. Ach geobhadh ba daoiní iad féin iad gan pinghin ar bith a dhiol ortha. Chonnaic tú go minic cnamha agus cnapáin bheaga ortha. Bhal geobhadh na daoiní na cnamha sin. Gearradh siad na cnapáin daobhtha agus phollfadh fríd le meanaithe iad.Thiochfhadh leobhtha fosta [starch]? a dheanamh as preataí. Gheibheadh siad mias mór lán de phréataí. Annsin gheobhadh siad sgríobóg agus sgriobfhadh siad an croiceann uilig daobhtha. Chuirfeadh siad uisge ortha annsin agus dfagadh siad ar [maoghas]? ann iad ar feadh tamailt maith agus nuair a bhainfidhe an tuisge daobhtha i gcionn tamailt bheadh an starch ‘na luighe ar iochtar. Bhainfidhe an tuisge daobhtha annsin agus nuair a bheadh an starch siocaidhe(continues on next page)- Informant
- Anna Nic Gaoithin
- Gender
- Female
- Age
- 70