School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
![The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 069](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1054%2FCBES_1054_069.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 069
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 069
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ghearrfaidhe anuas le sgian é agus annsin bheadh sé cosamhail le an rud a geobhas tú ins na síopaí.Deanamh Cléibh.
Gheobhadh fear sráith mhór leathan ghlas agus shaitheadh sé na saithcheain. Annsin gheobhadh sé saileog deas caol aclaidhe agus d’oibreochadh sé an saileog amach as isteach frid na saithcheain. Rachadh sé ar aghaidh leis an obair annsin go dtigeadh se fhad leis na camogaí [as annseo atá na puill mhóra thart ar thaobh an chléibh le do lamha a chuir ionnta nuair a bhios tú ag áirduighadh an chleibh ar dhuine éigin] Nuair a bhiodh na camógaí déanta aige rachadh sé ar aghaidh ag dheanamh níor caoile é mar theigheadh se síos go dtí go mbeadh sé ag an tóin.
Deanadh sé an tóin annsin agus nuair a bheadh deireadh déanta aige, gheobhadh sé sgian phocha agus ghearradh sé go néatá cibe slatach a bheadh ró-fhada. Geobhadh se mála annsin agus ghearradh se cupla strip de. Pléataladh sé lé cheile iad agus dheanfhad se aithriseacha fa choinne an cleibh. Annsin bheadh sé reidh fa choinne an droma.
Deanamh Pigín.
Geobhadh fear cupla fonnsa agus adhinad maith laidir. Annsin geobhadh se clár cruinn agus ghearradh se imeall tarth ins an chlár. Annsin shaitheadh se na chláracha eile síos ann, annsin chuirfeadh(continues on next page)- Informant
- Anna Nic Gaoithin
- Gender
- Female
- Age
- 70