Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Templecrone, Co. Donegal
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 273
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lucht Siubhail:- Gráinne Ní Chnáimhsighe a chuir síos.Thig lucht siubhal thart gach aon lá ins an tseachtmhain. Bhíonn na daoine ceadhna thart gach aon mhí nó dá dtigeadh siad gach aon seachtmhain bheadh na daoine tuirseach daobhtha.
Tá fear beag ag gabhail thart agus bíonn sé ag “Dannie Waugh” ins an oidhche agus ba é Joe Waugh an t-ainm a bhí air. Bhí sé díol rasúir agus sópa, agus mórán rudaí eile. Tháinig sé anuas as Ardara.- Bailitheoir
- Gráinne Ní Chnáimhsighe
- Inscne
- Baineann
- Lucht Siubhail.
Thig lucht siubhal thart go minic, chomhair a bheith trí uair sa mí ag cruinniughadh bainne, preataí agus rudaí beaga eile.
Ní h-iad na daoine ceadhna a thigeas i gcomhnuidhe.
Tigeann Micí the Cat agus Josephine Clod. Mary Mc Groary, Jimmy Hegarty. Tháinig MicI the Cat ó’n Sráth Bán, tháinig Josephine Clod ó Béal Átha Seanaigh agus tháinig na daoine eile o Thír Eoghain agus ó Árd Macha.
Bíonn earraí le díol ag cuid aca.(leanann ar an chéad leathanach eile)