Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Templecrone, Co. Donegal
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 310](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1062%2FCBES_1062_310.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 310
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 310
- XML “An Tríú Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
An Tríú Amhrán (ar lean)
“Gan duine gan piostal go ndéanfainn féin lámh”
(ar lean ón leathanach roimhe)Ta an cuim is gile thug binneas ó’n chuai(c)
‘S bheir solus i ngruaidh na stáid - mhnaoi
Tá brágha a sneachta gan smál ar a domhain
Tá a gruaidh mar na rosaí i ngairdín
Tá a malaidhe chaol dhonn mar racadh caol fionn
‘S ach dlaoi mar an iomaire fás leíTig tortha cumhra ar ghéagaibh úra
Is coillte dluith le sméara (ibh)
Bíonn na leomhain ar dtús ,as na seabhaic ag úmhlughadh
‘Gus grian go h-úr ag éirighe
Bíonn na ceoltóiridhe bréagh - súgach as arm suibh
‘S iad ag seinm go ciúin ar théadaibh thall‘S tá se scríobhta i mbórd a ríogh
Gur bhuaidh ‘ac cluiche do ngeobhfaidhe.
Agus tá sé suidhte ag mna(ibh) na cruinne
Go dtug sí an craobh go h-(Eireann) h-Eirinn
Ar thoiseach an róid a siubhlas cóiste
Ar eachraidh óga léimnigh
‘S ó na h-uaislibh anall go dtug sí geall
Ó ingín rígh deallraigh gleigeal (Ní chríoch)- Faisnéiseoir
- Meadhbh Sheaghan Uí Eachaidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 80
- Seoladh
- Mín Uí Chanann, Co. Donegal