School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 321
- XML “An Bhean Shantach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chaislean dheas a bhí aca agus an dóigh bhreagh a bhéadh ortha feasta.
"Nach raibh an ceart agam", ar' sise, "tabhairt ort a ghabhail agus seo uilig a iarraidh ar an iasc. Tá mé sásta anois agus ní iarrfaidh mé níos mó."
Is doiligh na mná a shásadh agus ní raibh i bhfad gur éirigh an bhean mío-shásta agus tursach de'n iomlán, agus dubhairt sí nach mbéadh sí sásta go mbéadh sí ós cionn 'acha'n bhainríoghain ar an domhan.
"Gabh go dtí an cladach arais", ar' sise leis, "agus abair leis an iasc mé a chur ós cionn 'acha'n bhainríoghain ar fud an domhain."
Ní raibh an fear sásta a ghabhail ach ní raibh ní b'fhearr le deanamh aige ach deanamh mar hiarradh air, agus bhog sé leis. Nuair a tháinic sé go dtí an chladach bhí an t-uisce dorcha agus salach, agus saoil sé nach mbéadh maith ar bith do scairtigh ar an iasc, ach mar sin fhéin, scairt sé, agus tháinic an t-iasc chuige.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Anagaire, Co. Donegal
- Informant
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 62
- Address
- Anagaire, Co. Donegal