School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 322
- XML “An Bhean Shantach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Caidé tá a dith ort anois? Nach bhfuil tú sásta go fóill?" ars' an t-iasc.
"Dubhairt sí nach mbéadh sí sásta go mbéadh sí ós cionn 'acha'n bhainríoghain ar an domhan", ars' an fear.
"Gabh 'n-a bhaile", ars' an t-iasc; "tá sí ós cionn 'acha'n bainríoghain ar an domhan
Chuaidh an fear 'n-a bhaile annsin, agus fuair sé a bhean roimhe ag an geafta, agu[s] éadach uirri níos galanta ná bhí uirri ag imtheacht do, agus bhí an caislean níos mó agus níos deise na bhí sé ariamh, agus píobairí agus fidleóirí ag seinm 'n-a thimcheall. Shaoil an fear annsin go mbéadh an bhean sásta, nár b'fhéidir dithe níos mó a iarraidh ach b'amaideach é.
Maidín amháin bhí an bhean 'n-a codladh go sámh. Bhí an ghrian ag soillsiughadh isteach fríd fhuinneóig an t-seomra agus mhuscail deallradh na gréine í. Tháinic fearg uirri, cionnas gur muscladh as a codladh í agus d'iarr sí ar an fhear(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Anagaire, Co. Donegal
- Informant
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 62
- Address
- Anagaire, Co. Donegal