School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do a ghabhail ar a ceithre buinn le fághail isteach. Ní raibh istigh sa bhóthóig ach sean-dhuine críon, caithte, uan caora agus cailín óg. D'iarr siad fascadh a[n] toighe go maidín. Dubhairt an sean-dhui[ne] nach raibh áit ag duine ar bith annseo ach iad fhéin. Dubhairt siad-san nach rachadh siad amach go maidín, bíodh sé sásta ná mío-shásta.
Shuigh siad thart i chois na teineadh agus thoisigh an comhrádh. Bhí an t-uan scaoilte ar fud an toighe agus ní raibh suaimhneas le fághail aca uaidh. Chuir Fionn ceist ar an t-sean-dhuine caidé ba' chiall de'n uan bheith scaoilte fríd a' teach.
"Ceangal thusa é", ars' an sean-duine, "má's olc leat é bheith scaoilte."
"Éirigh, a Ghoill", arsa Fionn, "agus cuir an t-uan sa nasc".
D'éirigh Goll de léim 'n-a sheasamh agus bheir sé greim droma ar an uan.(continues on next page)- Collector
- Róise Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Feidhlimidh Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 85
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal