School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
![The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 327](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_327.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 327
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Scoith an t-uan a ghreim agus bhog leis fríd a' teach. Bheir sé ath-uair air agus rinn an t-uan an cleas céadna. Dhruid Goll leis an tríomhadh h-uair go feargach, agus bheir le n-a dhá láimh air, ach ba' mhaith an mhaise de'n uan é, dhruid sé leis an fear mhór go colgach agus shín sé ar shlait chúl a chinn sa teinidh é. D'amharc na fir ar a chéile agus níor labhair ceachtar aca. D'éirigh Goll go mío-shásta as cladach na teineadh agus shuidh sé ar a' stól araist.
Bhí an cailín 'n-a suidhe thiar i gclúdaigh na mónadh agus bhí Fionn ag tabhairt a shúil uirri anois agus arís. Fionn bocht. Bhí an chuid a b'fhearr de chuid laethe caithte. Mar sin fhéin bhí dúil aige anns na mná. Dhruid sé i n-aice leithe agus thug cogar dithe. Tharraing sise a lámh agus bhuail sí ar fad a leicinn le bois é.
"Bí ar shiubhal", ar' sise, "nuair a bhí(continues on next page)- Collector
- Róise Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Feidhlimidh Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 85
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal