Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Scoith an t-uan a ghreim agus bhog leis fríd a' teach. Bheir sé ath-uair air agus rinn an t-uan an cleas céadna. Dhruid Goll leis an tríomhadh h-uair go feargach, agus bheir le n-a dhá láimh air, ach ba' mhaith an mhaise de'n uan é, dhruid sé leis an fear mhór go colgach agus shín sé ar shlait chúl a chinn sa teinidh é. D'amharc na fir ar a chéile agus níor labhair ceachtar aca. D'éirigh Goll go mío-shásta as cladach na teineadh agus shuidh sé ar a' stól araist.
Bhí an cailín 'n-a suidhe thiar i gclúdaigh na mónadh agus bhí Fionn ag tabhairt a shúil uirri anois agus arís. Fionn bocht. Bhí an chuid a b'fhearr de chuid laethe caithte. Mar sin fhéin bhí dúil aige anns na mná. Dhruid sé i n-aice leithe agus thug cogar dithe. Tharraing sise a lámh agus bhuail sí ar fad a leicinn le bois é.
"Bí ar shiubhal", ar' sise, "nuair a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Feidhlimidh Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall