School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 337

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 337

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 337
  3. XML “Fionn Mac Cumhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Fionn ghabhail ‘n-a gcoinnibh. Bhí sé amuigh ag teangbhail leo ar feadh seacht lá agus seacht n-oidhche agus nuair a tháinic sé ‘n-a bhaile tar éis na troda, tasc ná tuairisc a mhná ní raibh roimhe.
    Dubhairt na seirbhisigh leis go dtáinic fear i gcrochaidheacht Finn fhéin agus nuair a bhí sé comhgaracht do’n Phálás, go dtug a bhean fá dear é ag teacht, gur rith sí amach ar an bhomaite ag cur fáilte roimhe agus gur dhubhairt sí gurbh é Fionn é fhéin a bhí ann. Ach nuair a leag sí lámh ar an fhear, gur chuir sí béic uathbhasach aisti, gur bhuail an fear annsin í le slaitín draoidheachta, agus gur cuireadh crot eilite uirri láithreach do rith sí arais go dtí an dún, ach, dubhairt na seirbhisigh go raibh dhá mhadadh ag an fhear, agus gur rith siad agus go bhfuair siad greim uirri agus go silfeadh duine ar bith gur Bran agus Sceolán a bhí anns an dá mhadadh sin.
    Nuair a chualaidh Fionn an scéal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Mícheal Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Age
    82
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal