School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“An bhfacaidh fear ar bith ag gabhail thart annso’, agus beathadhach leis?” ar’ seisean go feargach.
Níor labhair an fear a bhí ‘n-a luighe agus níor choruigh sé.
“Muna dtugaidh tú freagair orm go gasta”, ar’ seisean, “dheanfaidh mé griollaire duit le buille de’n bhata seo”.
Thóg an fear a bhí ‘n-a luighr a cheann.
“Maise mo chreach cráidhte ort”, ars’ an fear a bhí luighe. “Bhí mé ag amharc annsin ar an rud a ba’ iongantaighe a chonnaic mé le mo súile cinn ariamh. Fear agus beathadhach capaill a d’éirigh amach ón bhealach mhór agus chuaidh i n-áirde san spéir. Choimead mise iad go deachaidh siad isteach anns na néalta agus b’fhéidir go bhfeicinn tamall eile iad dá dtabhairfeá tusa suaimhneas damh ach ni thabhairfeá”.
“Agus chonnaic tú sin”, ars’ an sean-duine. “tcím go bhfuil sé fíor go leor, go bhfuil mo bheathadhach ar siubhal ‘n-a bhflaitheas”.
Pill an seandhuine ar a chois agus thug aghaidh ar an bhaile agus nuair a fuair an t-óganach(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Séamus Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal