Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“An bhfacaidh fear ar bith ag gabhail thart annso’, agus beathadhach leis?” ar’ seisean go feargach.
Níor labhair an fear a bhí ‘n-a luighe agus níor choruigh sé.
“Muna dtugaidh tú freagair orm go gasta”, ar’ seisean, “dheanfaidh mé griollaire duit le buille de’n bhata seo”.
Thóg an fear a bhí ‘n-a luighr a cheann.
“Maise mo chreach cráidhte ort”, ars’ an fear a bhí luighe. “Bhí mé ag amharc annsin ar an rud a ba’ iongantaighe a chonnaic mé le mo súile cinn ariamh. Fear agus beathadhach capaill a d’éirigh amach ón bhealach mhór agus chuaidh i n-áirde san spéir. Choimead mise iad go deachaidh siad isteach anns na néalta agus b’fhéidir go bhfeicinn tamall eile iad dá dtabhairfeá tusa suaimhneas damh ach ni thabhairfeá”.
“Agus chonnaic tú sin”, ars’ an sean-duine. “tcím go bhfuil sé fíor go leor, go bhfuil mo bheathadhach ar siubhal ‘n-a bhflaitheas”.
Pill an seandhuine ar a chois agus thug aghaidh ar an bhaile agus nuair a fuair an t-óganach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall