School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 361
- XML “An Droch-Leasmháthair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shuidh sé ag an chead cheann a casadh air. Go gearr 'n-a dhiaidh sin tháinic carr an ríogh thart agus chuir an rí ceist air caidé sheol an bealach seo é agus dubhairt sé leis gur seachran an t-saoghail. D'iarr an rí air a ghabhail suas ar an charr ag n-a thaoibh agus chuaidh. Thiomáin an rí go dtí an caislean.
Ní raibh de theaghlach ag an rígh seo ach gasúr beag amháin agus nuair a chonnaic sé a athair ag teacht d'imthigh sé ann a aracais. Chonnaic an rí a ghasúr fhéin ag tarraingt air, d'amharc sé ar an ghasúr a bhí leis ar an charr agus thoisigh sé a gháiridhe. Dubhairt sé gur shaoil sé gur a ghasúr fhéin a bhí leis ar fad, ná bhí an bheirt go cosamhail le chéile le dhá scadan.
Bhí an bheirt ghasúr aige annsin go raibh siad 'un meadaidheacht agus go raibh a mhac fhéin ag gabhail a iarraidh inghean ríogh eile le pósadh. Bhí grádh mór ag an bheirt ghasúr ar a chéile agus bhéadh siad 'n-a luighe le chéile ar an leabaidh chéadna gach oidhche.(continues on next page)- Collector
- Síghle Níc Ruaidhrigh
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Maighread Níc Ruaidhrigh
- Gender
- Female
- Age
- 37
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal