School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 362

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 362

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 362
  3. XML “An Droch-Leasmháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    I dtráthaibh an ama seo d'imthigh an bheirt go teach an ríogh eile ag iarraidh a inghine do mhac an ríogh, le pósadh. Ar gabhail isteach 'n-a chaisleain daoibhthe bhí cúigear fear istigh rompa ag iarraidh inghine an ríogh fosta. Ní raibh fhios ag an ríogh ciaca fear a b'fhearr do a ghlacadh mar chliamhain. Mar sin de, d'fhoscail sé sé dorsa agus chuir fear amach ar gach doras aca, agus d'iarr sé ar a inghin cá bith fear aca a b'fhearr leithe fhéin a ghabail amach ar an doras 'n-a dhiaidh. Shuidh sise agus ní rachadh sí amach indiaidh fir ar bith aca.
    "Ó, bó, bó!" ars' an rí, "caidé tháinic ort? Cad tuighe nach deachaidh tú amach indiaidh fir eighinteacht aca?"
    "Ní bhéidh sé le rádh ag fear ar bith aca gur lean mise é," ars' an cailín, "ach an fear aca is fearr ag troid pósfaidh mé é" agus rinn siad amach a ghabhail i gcionn troda ar maidín lá thar na bharach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Níc Ruaidhrigh
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Maighread Níc Ruaidhrigh
    Gender
    Female
    Age
    37
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal