School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a philleadh siad.
Uair amháin nuair nach raibh blas salainn ar an uisce na fairrge bhí beirt dearbhrathaireacha ‘n-a gcomhnaidhe ag taoibh a chéile. Bhí fear aca iongantach bocht agus an fear eile an - sáidhbhir. Bhí an bheirt pósta, agus oidhche amháin tháinic ocras ar an fhear bocht, agus gan greim bídh faoi chreataí an toighe aige, chuaidh sé fhad leis an fhear sháidhbhir agus d’iarr rud beag bídh air. Dubhairt sé nach dtabhairfeadh ach go dtabhairfeadh sé giota muic-fheola do, agus é imtheacht leis go deireadh an t-saoghail agus gan pilleadh a coidhche arist.
Ghlac an fear bocht an mhuic - fheoil agus d’imthigh sé leis a chuarthughadh deireadh an t-saoghail. Siubhail sé leis i mbéal a chinn go raibh a dhá chois caol le dhá dhealgan, agus bonnaí na mbróg chomh tanaidhe le eiteógaí féileacháin. Shiubhail sé oidhche agus lá, lá agus oidhche, go dtáinic sé go dtí teach-mór. Dar leis seo deireadh an t-saoghail(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Crosain
- Gender
- Female
- Informant
- Meadhbh Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal