School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí an teach chomh geal leis an t-sneachta, agus chuaidh sé isteach go bhfeicfeadh sé an dtiocfadh leis an mhuic-fheoil a dhíol.
Casadh fear aosta céillidhe sa doras air agus d’innis sé dó’n fear caidé a ghnoithe ‘un toighe. Chomhairligh an fear aosta do, gan an mhuic-fheoil a thabhairt uaidh muna bhfuigheadh sé an muillean láimhe a bhí ag taoibh an dorais, agus dá bhfuigheadh sé an muilleann go dtaisbeanfadh seisean do an dóigh a gcuirfeadh sé a ghabhail é agus an dóigh a stopadh sé arais é.
Chuaidh sé annsin a dhíol na mui-fheola le bhunadh an toighe. Thairg shiad eallach agus caoirigh do ach deireadh seisean nach ndíolfadh sé í gan an muiullean láimhe. Thairg siad biadh agus deoch do, airgead agus ór, agus ‘acha’n chineal a dtiocfadh leo smaointuighadh air, ach níor mhaith leo an muillean a thabhairt do.
Sa deireadh dhruid siad an marghadh; dhíol sé an mhuic-fheoil agus fuair sé an muillean láimhe. Tháinic an sean-dhuine amach(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Crosain
- Gender
- Female
- Informant
- Meadhbh Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal