School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an croiceann a dhíol.
Chualaidh an cat é dhá rádh seo agus chuaidh sé anonn fhad leis. D'éirigh sé ar a dhá chois deiridh agus d'amharc suas anns an aghaidh air. Dubhairt sé leis gur mhaith a mhargadh cead a chinn a thabairt do-san, agus gan é mharbhughadh ná "Is iomdha gar a thig liomsa a dheanamh duit agus má ghlacainn tú mo chomhairle béidh tú 'do fhear sháidhbhir go fóill. Má thabhaireann tú mála damh-sa tcídhfidh tú go gcuirfidh mé le mo fhocal."
Thug an fear óg an mála do'n chat, agu[s] d'imthigh an cat, agus an mála leis, go dtí áit a raibh cuid mhór coinín. Chuir sé féar agus cál isteach anns an mhála, agus annsin d'fhág sé an mála ag béal puill. Luigh sé fhéin siar ag leigint air g[o] raibh sé marbh. Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtáinic coinín breagh reamhar go béal an phuill agus chuaidh sé isteach anns an mhála a ithe an fhéir ach ní(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Síghle Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal