School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 392

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 392

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 392
  3. XML “An Cat agus an Muilteoir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí inghean ag an rígh, agus ba' í an cailín í a ba' dóigheamhla a chonnaic súil ariamh. Chualaidh an cat an rí ag cainnt leithe go raibh sé ag gabhail thart ag an abhainn fá choinne siubhail. D'imthigh an cat 'n-a bhaile agus d'iarr sé ar an mhuilteóir óg a bheith leis síos go dtí an abhainn. Chuaidh an muilteóir síos leis agus d'iarr an cat air a ghabhail amach a shnámh anns an abhainn.
    Fá chionn tamailt mhothuigh an cat an rí agus an inghean ag teacht, agus scairt sé amach go raibh Tighearna na nDumhchán à bháthadh san abhainn agus leig sé trí scread as. Chualaidh an rí an scread agus ní fhacaidh sé gach ar bith ach an cat. Bhí iongantas air gur b'é an cat a bhí ag screadaigh. D'iarr sé ar an tiománaidhe an coiste a stopadh go bhfeiceadh sé caidé a bhí cearr. Thug sé órdughadh do fear de chuid fear a ghabhail síos go bruach na habhna agus amharc an raibh duine ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0545: The Cat as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Grianna
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Síghle Ní Grianna
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal