School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bith à bháthad
Chuaidh sé síos ach ní raibh duine ar bith le feiceail ná le fághail aige. Chuaidh an chuid eile síos, thoisigh siad a chuartughadh agus fuair siad é leath bháidhte, má b'fhíor.
An fhad agus bhí siad ag cuartughadh chuaidh an cat suas as chuaidh sé a cainnt leis an rígh. Dubhairt sé leis go dtáinic gaduidheanna ar chuid éadaigh a mháighisteara nuair a bhí sé a' snámh agus go dtug siad leo a chuid éadaigh, agus go raibh náire air a theacht i láthair an ríogh siocair é bheith tarnocht.
Dubhairt an rí leis an cat gur bh'fhurust sin a léigheas. D'iarr sé ar fhear dá raibh anns an choiste imtheacht go dtí an caislean agus an chulaidh éadaigh a b'fhearr a bhí ann a thabhairt chuige. Tugadh an t-éadach chuige agus chuir máighistir an chait air é agus shaoilfeadh duine annsin gur Tighearna dá ríribh a bhí ann.
Siubhail sé suas fhad leis an rígh, agus chuaidh sé isteach anns an choiste. Thiomáin(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Síghle Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal