School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí inghean ag an rígh, agus ba' í an cailín í a ba' dóigheamhla a chonnaic súil ariamh. Chualaidh an cat an rí ag cainnt leithe go raibh sé ag gabhail thart ag an abhainn fá choinne siubhail. D'imthigh an cat 'n-a bhaile agus d'iarr sé ar an mhuilteóir óg a bheith leis síos go dtí an abhainn. Chuaidh an muilteóir síos leis agus d'iarr an cat air a ghabhail amach a shnámh anns an abhainn.
Fá chionn tamailt mhothuigh an cat an rí agus an inghean ag teacht, agus scairt sé amach go raibh Tighearna na nDumhchán à bháthadh san abhainn agus leig sé trí scread as. Chualaidh an rí an scread agus ní fhacaidh sé gach ar bith ach an cat. Bhí iongantas air gur b'é an cat a bhí ag screadaigh. D'iarr sé ar an tiománaidhe an coiste a stopadh go bhfeiceadh sé caidé a bhí cearr. Thug sé órdughadh do fear de chuid fear a ghabhail síos go bruach na habhna agus amharc an raibh duine ar(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Síghle Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal