School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
![The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 403](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_403.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 403
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 403
- XML “Seonaidh agus Sinéad”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad ag gabhail suas an bealach mór chuir Seonaí ceist ar Shinead caidé 'n trup a bhí 'n-a ndiaidh. Dubhairt sise gur bh'é an doras (chomnhla[?]) a bhí ag deanamh an trup.
"tCídh Dia an cineal mná a fágadh agam-sa" arsa Seonaí. "Nach b'é an rud a d'iarr mise ort an doras a dhruid amach"
Tháinic an oidhche fá dheireadh ortha agus chuaidh sí go dtí áit a raibh chuid mhór crann a fás, gheall ar fascadh na hoidhche bheith aca. Chuir siad an doras 'n-a luighe ar chraobhacha crainn agus shuidh an peire aca air, agus thuit siad 'n-a gcodladh.
Am eiginteacht fríd an oidhche muscladh as a gcodladh iad agus ar amharc síos daobhtha chonnaic siad gadannaí 'n-a suidhe ag bun an chrainn ag cunntas an airgid a bhí goidte aca ó oidhche. Le sin leig Sinead de'n doras tuitim síos 'n-a mullach agus shaoil siad go raibh an tóin ag tuitim as an spéir, agus d'imthigh sí an méid a bhí ann a gcnámha le h-eagla.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Maighread Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal