Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fheoil a fhághail do fhéin. Chuaidh sé 'un toighe agus chuir ceist ar Sinead goide bhí na madaidh a dheanam anns an gharradh Thug sí rúide amach ar an doras agus dubhairt sí, "Béidh mo chuid feola uilig ithte ag na madaidh".
Chuir Seonaí ceist uirri cad tuighe ar fhág sí an fheoil amuigh anns an gharradh.
"Nár dhubhairt tú liom," ar' sise, "go rachfadh an fheoil leis an chál".
"'Sé an rud a bhí mise rádh," arsa Seonaí, "go mairfeadh an fheoil rith an gheimhridh, agus go dtiocfadh linn cuid de'n chál a chur ar an t-súgh."
Dubhairt Seonaí go gcaithfeadh siad imtheacht lá thar na bharach a chruinniughadh a gcodach, nó "ní'l gach ar bith againn le hithe anois", ar' seisean.
Ar maidín lá thar na bharach nuair a bhí siad ag imtheacht i gcionn an mhála, d'iarr Seonaí ar Shinead an doras a tharraingt n-a diaidh agus tharraing. Nuair a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal