School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 427

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 427

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 427
  3. XML “Bríghid Óg Ní Mháilne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Is tuirseach agus is brónach,
    A chaithim-sé an Domhnach,
    Mo hata ann mo (láimh) dhorn, ‘s mé ag osnaighil go trom.
    Mé ag amharc ar na bóthair
    A mbiom-se ‘s mo ghrádh ag ól ann
    Ag fear eile pósta, och, och, nach é an feall.
    Nuair a théidhim-sa ‘un aifrinn (Dia Domhnaigh)
    ‘S nach bhfeicim mo stór ann
    Sceardann fuil shrón ach go hárd ós mo chionn,
    ‘S ar polleadh damh tráthnóna,
    Do mhalairt, aghrádh, ‘s ní iarrfainn,
    Go sínfidh mé i gcomhnair, a’s go dtéidheadh an úr ós mo chionn.
    Ní’l nídh ar bith níos áilne,
    Nó an ghealach ós cionn an t-sáile
    Mar bhláth bán na n-áilne tá fás ar an draoighean.
    Sin mar bíos mo ghrádh-sa,
    A trillsí le breaghtacht
    Béilín meala na páiste nach dearn ariamh claon.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Grianna
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal