School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 445
- XML “Na Trí Chomhairle”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an fear uasal seo. D’fhág sé slán ag a mhuinntir annsin agus d’imthigh an bheirt leo agus níor stad siad go raibh ag teach an fhir uasal.
Nuair a bhí braon tae ólta aca dubhairt an fear uasal leis an oibridhe gur b’é an obair a bhéadh aige le deanamh ‘acha’n lá na páistí a thabhairt ‘n-a scoile anns an chóiste agus a dtabhairt ‘n-a bhaile ar ais tráthnóna, agus foghluim mhaith a thabhairt daobhtha anns an bhaile.
‘Acha’n mhaidín dhfhágadh sé na páistí ag an scoil leis an chóiste agus rachadh sé fá n-a gcoinne arais tráthnóna. Annsin bheireadh sé isteach i seomra iad agus thoisigheadh sé dhá dteagasc. Chaith sé a chuid ama mar sin go raibh na seacht mbliadhna shuas agus annsin bhí na páisdí ag an fhear uasal a ba’ léigheanta san áit.
Lá amháin dubhairt an fear leis an duine uasal go raibh sé ag gabhail ‘n-a bhaile chuig a mhnaoi agus a mhac. Dubhairt an fear uasal leis nach dtiocfadh leis é a(continues on next page)- Collector
- Caith Ní Gallcobair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal