School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 451
- XML “Na Trí Chomhairle”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cúirte, chuir suas a lámh agus chuir ceist ar fhear an dlíghidh an leigfeadh se do-san cupla focal a labhairt sul mar gcrochfaidh an triúr fear, agus fuair sé cead sin a dheanamh. Chuaidh sé ‘un tosaigh. Sheasuigh ós coinne an bhreithimh agus thoisigh a innse caidé tharlaigh agus gur b’é sin an giota - a tarraingt amach as a phóca - agus gur b’é an cailín agus an fear óg a mharbhuigh an sean-dhuine.
Fuarthas greim ar an fhear óg agus ar an chailín annsin agus tughadh breitheamhas crochta ortha. Fuair na fir amach saor agus thug siad buidheachas mór do’n fear a leig saor iad agus bhog leo ag tarraingt ar a’ bhaile.
D’imthigh an fear n-a bhaile annsin chuig a mnaoi agus a mhac agus bhí dóigh mhaith ortha ó’n lá sin go lá a mbáis.- Collector
- Caith Ní Gallcobair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal