School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D’iarr ár Slánuightheóir ar Cholm bocsa chur suas ag an doras agus airgead a bheith ann i gComhnaidhe fá choinne na ndaoine bochta. Agus ‘n-a dhiaidh sin bhí Colm go maith do na bochta. Nuair a chuaidh sé ‘n-a bhaile chuir sé bocsa suas ag taoibh an doras agus chuir sé scilling ann. Tamall ‘n-a dhiaidh sin tháinic buachaill óg tart agus fuair sé an scilling. Dár le Colm nach dtiocfadh leis a bheith ag cur scilling anns an bocsa ‘acha’n lá agus chuir sé leith-phighinn ann.
Tamall beag ‘n-a dhiaidh sin tháinic sean-dhuine thart agus ní bfuair sé ach an leith-phighinn. Bhí brón mór ar Cholm cionnas go bhfuair an buachaill óg scilling agus nach bhfuair an sean-dhuine ach leith-phighinn bheag scallta.
Tháinic ar Slánuightheóir fhad le Colm agus d’iarr sé air gan brón ar bith a bheith air. Dubhairt sé an bhuachaill óg a fuair an scilling gur cheannuigh sé(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Síghle Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 21
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal