School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
![The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 457](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_457.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 457
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uisce beatha uirri agus gur [rann]? sé cuid de thart ar na daoine a bhí anna chuideachta. Annsin dubhairt ar Slánuightheóir an sean-dhuine a fuair an leith-phighinn nach raibh a dhith air ach an leith-phighinn le céad punnta dheanamh; agus dubhairt sé go raibh an sean-dhuine shíos ag an abhainn, gur thuit sé amach agus go raibh sé ‘n-a luighe báidhte annsin agus na céad punnta ann a phoca aige.
D’iarr ár Slánuightheóir ar Cholm a ghabhail síos go dtí an abhainn, na céad punnta a thabhairt amach as phoca an t-sean-dhuine agus iad a leigint ar siubhal leis an t-srúth.
Chuaidh Colm síos, fuair sé na céad punnta, ach ní raibh sé sásta iad a leigint le srúth. Chuaidh ár Slánuightheóir fhad leis agus thug sé air an t-airgead a chathadh ar shiubhal, agus b’éigean do Colm an t-airgead a leigint ar siubhal leis an t-srúth, agus d’innis ár Slánuightheóir do Colm annsin go dtiocfadh duine éighinteacht a bhainfeadh níos mó úsaide as an airgead ná eisean.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Síghle Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 21
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal