School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 488
- XML “An Dá Chroiceann Déag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D’imthigh an bheirt fríd an choillidh. Ní dheachaidh siad i bhfad gur mhothuigh siad an callan ag tarraingt ortha. Tháinic dhá chloigeann déag ceatharnach coilleadh fad leo. D’iarr siad ortha deanamh réidh fá choinne an bháis.
“Bal”, arsa mac na baintreabhaighe, “má tá mise gabhail a fhághail bháis, ní’l mé ag gabhail a fhághail bháis ann mo throscadh”.
Tharraing sé ar an mála agus chaith sé ceann de na tuirtíní chuig ‘acha’n fhear de’n dá chloigeann déag. Annsin tharraing sé air an mála eile agus thug sé toirtín do’n stocach agus bhí ceann eile aige fhéin. Sul a raibh na toirtíní ithe ag an dá chloigeann déag thuit siad uilig marbh.
“Anois”, arsa mac na baintreabhaighe, “rachaidh muid go bhfeicfidh muid caidé’n cineal áite atá aca seo”.
Shiubhail siad leo agus tháinic siad fhad le caislean breagh áluinn istoigh i lár na coilleadh. D’fhoscail siad an doras agus(continues on next page)- Collector
- Iseabal Níc Pháidín
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinsias Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal