Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh mac na baintreabhaighe isteach i siopa agus cheannuigh sé piece mine coirce. D’iarr sé ar bhean an toighe dhá thoirtín déag aráin a dheanamh de’n mhin agus súgh na n-éanach a chur fríd. Annsin d’iarr sé uirri dhá thoirtín eile a dheanamh le huisce agus iad a chur isteach i mála. Rinn sise sin agus nuair a bhí siad ag imtheacht ar maidín thug siad leobhtha iad.
Shiubhail siad leo go dtí go raibh an tráthnóna ann. Tháinic siad fhad le coillidh mhóir.
“Tá aithghiorra mhór fríd an choillidh seo”, arsa nmac na baintreabhaighe.
“Is cuma liom caidé an aithghiorra atá ann”, ars’ an stocach, “ní rachaidh mise fríotha. Chualaidh mise m’athair ag scéalaidheacht fá dtaobh dithe. Dubhairt sé go raibh sí lán daoine beaga agus go muirbhfeadh siad duine ar bith a bhfuigheadh siad greim air innti”.
“Seo, seo”, arsa mac na baintreabhaighe, “mur dtéidh tú aithghiorra liom pillfidh mé ‘n-a bhaile”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Iseabal Níc Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal