School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 492
- XML “An Dá Chroiceann Déag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Pill sí ar a cois arais agus thoisigh sí a tabhairt béil bháin do agus a blandar leis ach má thoisigh ní raibh maith ann, ní thabhairfeadh sé fuascladh na gceisteann dithe, agus b’éigean dithe imtheacht mar tháinic sí. Ní bhfada go dtáinic an dá chlaigeann deag ‘n-a leabtha chuige agus d’éirigh daobhtha mar d’éirigh do’n chead chailín a tháinic chuige.
Nuair a bhí sin deanta aige scairt sé leis an stocach agus chuir ceist air an raibh sé ‘n-a chodladh agus dubhairt sé nach raibh.
“Tar anall ann mo leabaidh-se agus rachaidh mise anonn”, ar seisean. Tháinic an stocach anall agus chuaidh mac na baintreabhaighe anonn.
Fá dheireadh thainic an cailín í fhéin aníos agus chuaidh sí go dtí an leabaidh a raibh an stocach innti, ach ní hé bhí innti san am ach mac na baintreabhaighe. Chuir sí ceist air an dtabhairfeadh sé fuascladh na gceisteann dithe agus dubhairt sé go dtabhairfeadh dá bpógadh sí é agus(continues on next page)- Collector
- Iseabal Níc Pháidín
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinsias Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal