School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsin d’imthigh sí leithe agus chuaidh sí isteach sa chaislean agus d’iarr sí ar na gasúraí gan iad a’n dhuine a leigint isteach go dtiocfadh sise lá thar na bharach. Ag pilleadh arais dithe mhuscail sí an cailín agus d’imthigh siad leo ‘n-a bhaile.
Nuair a sroich siad an bhaile d’iarr an bhainríogháin ar a inghin theacht amach leithe go bhfeicfeadh sí an raibh an leas inghean ag tabhairt an bídh chuig na bochta agus dubhairt an inghean go raibh.
An dara lá chuaidh an bhainríogháin sios go dtí an tobar agus thuit sí.
“Dia a’s Muire liom”, ar’ sise.
“Ná raibh Dia ná Muire leat” arsa cailleach na gcearc.
“Cá tuighe sin?” ars’ an bhainríogháin.
“Tá”, arsa cailleach na gcearc, “ní’l do leas inghean ag tabhairt an bídh chuig na bochta”, agus dubhairt an bainríogháin go gcuirfeadh sí bean na leath-shúile leithe lá thar na bharach agus chuir. [Renn]? siad(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal