Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin d’imthigh sí leithe agus chuaidh sí isteach sa chaislean agus d’iarr sí ar na gasúraí gan iad a’n dhuine a leigint isteach go dtiocfadh sise lá thar na bharach. Ag pilleadh arais dithe mhuscail sí an cailín agus d’imthigh siad leo ‘n-a bhaile.
Nuair a sroich siad an bhaile d’iarr an bhainríogháin ar a inghin theacht amach leithe go bhfeicfeadh sí an raibh an leas inghean ag tabhairt an bídh chuig na bochta agus dubhairt an inghean go raibh.
An dara lá chuaidh an bhainríogháin sios go dtí an tobar agus thuit sí.
“Dia a’s Muire liom”, ar’ sise.
“Ná raibh Dia ná Muire leat” arsa cailleach na gcearc.
“Cá tuighe sin?” ars’ an bhainríogháin.
“Tá”, arsa cailleach na gcearc, “ní’l do leas inghean ag tabhairt an bídh chuig na bochta”, agus dubhairt an bainríogháin go gcuirfeadh sí bean na leath-shúile leithe lá thar na bharach agus chuir. [Renn]? siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall