School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)crann sméar ortha agus d’iarr an leas inghean uirri an cleas céadna a dheanamh agus dubhairt sí nach ndeanfadh.
Shiubhail siad leo giota eile agus d’iarr sí uirri suidhe síos go gcíorfadh sí a ceann agus dubhairt sí leithe gur cíoradh a ceann sul ar fhág sí an baile. B’éigean duithe í leigint leithe go dtí an caislean a raibh na gasúraí ann, ach níor leig sí isteach í ar chor a’ bith, ach chuaidh sí suas ar na fuinneógaí agus chonnaic sí an mhuinntir a bhí istigh.
Nuair a phill siad ‘n-a bhaile d’iarr an mháthair uirri a ghabhail amach leithe agus chuaidh agus d’innis sí do na máthair nach raibh an leas inghean ag tabhairt an bídh chuig na bochta. Annsin chuaidh an bainríogháin chuig cailleach na gcearc agus d’innis sí dithe go bhfuair sí amach go raibh an leas inghean ag tabhairt an bhídh chuig a dearbhrathaireacha a bhí sa chaislean i n-áit é thabhairt chuig na bochta.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal