Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 503

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 503

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 503
  3. XML “Breaca Breac Breá Iníon Rí na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    crann sméar ortha agus d’iarr an leas inghean uirri an cleas céadna a dheanamh agus dubhairt sí nach ndeanfadh.
    Shiubhail siad leo giota eile agus d’iarr sí uirri suidhe síos go gcíorfadh sí a ceann agus dubhairt sí leithe gur cíoradh a ceann sul ar fhág sí an baile. B’éigean duithe í leigint leithe go dtí an caislean a raibh na gasúraí ann, ach níor leig sí isteach í ar chor a’ bith, ach chuaidh sí suas ar na fuinneógaí agus chonnaic sí an mhuinntir a bhí istigh.
    Nuair a phill siad ‘n-a bhaile d’iarr an mháthair uirri a ghabhail amach leithe agus chuaidh agus d’innis sí do na máthair nach raibh an leas inghean ag tabhairt an bídh chuig na bochta. Annsin chuaidh an bainríogháin chuig cailleach na gcearc agus d’innis sí dithe go bhfuair sí amach go raibh an leas inghean ag tabhairt an bhídh chuig a dearbhrathaireacha a bhí sa chaislean i n-áit é thabhairt chuig na bochta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall