School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'iarr cailleach na gcearc uirri theacht chuici-sa ar maidín lá thar na bharach agus an leas inghean a bheith leithe, agus go rachadh an triúr aca go dtí an áit a rabh na gasúraí n-a gcomhnaidhe. D'éirigh an bhainríogháin go luath ar maidín agus chuaidh chuig Cailleach na gCearc agus an leas inghean leithe. Annsin d'imthigh an triúr aca go dtí an áit a raibh na gasúraí.
Thug siad leo na gasúraí agus bhí an ceathrar leo annsin. Chuaidh siad síos go dtí an fhairrge. Bhí slat draoidheachta le Cailleach na gCearc agus rinn sí trí chnapán cloiche de na gasúraí amuigh i lár na fairrge agus rinn sí crann mór árd, de'n leas inghin, agus bhí sé ag fás aníos as an fhairrge.
Bhí siad annsin gur chualaidh a gcáirde a bhí bhfad ar shiubhal fá dtaoibh daobhtha, agus tháinic siad á gcuartughadh agus innsigheadh daobhtha go dearn an bhainríogháin trí clocha daobhtha i lár na fairrge, agus(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal