Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 531

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 531

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 531
  3. XML “An Gobán Saor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gcaithfeadh sé na caoirigh agus a luach a bheith leis n-a bhaile, chuig an t-sean-dhuine agus bhí siad uilig ag gáiridhe faoi. Sa deireadh, tráthnóna, tháinic cailín deas fhad leis. D’fhiafruigh sí do cá mhéad a bhí se iarraidh ar na caoirigh agus d’innis sé dithe.
    D’imthigh sí, agus i gcionn tamaill tháinic sí arais agus deimheas leithe. Thoisigh sí agus lom sí na caoirigh agus thug sí luach na holna do.
    “Anois”, ar’ sise, “tá luach na gcaorach agus na caoirigh leat ‘m-a bhaile”.
    D’imthigh an mac ‘n-a bhaile agus d’innis sé do n-a athair caidé mar tharlaidh. D’iarr an t-athair air cuireadh a thabhairt do’n chailín sin. Thug, agus tháinic sí. Nuair a bhí a gcomhrádh deanta aca, d’éirigh an sean-dhuine ‘n-a sheasamh, thug aniar croc óir as faoi’n leabaidh, thaisbean sé do’n chailín e agus chuir ceist uirri caidé a barramhail de.
    “Ó, ní bhfuighfear caithte a choidhche é”, ar sise.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Chrosáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Proinsias Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Aois
    81
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal