School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 538

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 538

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 538
  3. XML “An Gadaí Cliste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    arais. D’imthigh na fir uilig amach agus bhí Conall leo fosta. Bhí Pádraic leis fhéin anois agus bhí sé iongantach uaigneach agus tursach. Fá dheireadh thuit sé ‘n-a chodladh agus nuair a mhuscail sé bhí an lá geal ann agus na fir uilig istigh.
    An tráthnóna sin chuir Pádraic ceist ar Conall caidé an gleas beatha a bhí aige.
    “Tá muid-ne uilig”, arsa Conall, “ag seothrughadh ar mbeatha ar ghadaidheacht”.
    “Ba’ mhaith liom-sa a bheith ‘mo ghadaidhe fosta”, arsa Pádraic.
    “Má théidheann tú i gcionn na céirde sin”, arsa Chonall, “béidh siad uilig ag gáiridhe faoid”.
    D’innis Conall do na fir eile uilig go raibh Pádraic ag iarraidh a ghabhail leo. Thoisigh siad uilig a gháiridhe faoi. Sa deireadh thoiligh siad Pádraic a leigint leo.
    D’imthigh Conall agus Pádraic go dtí siopa mór a raibh cuid mhór clog agus uaireadóir ann.
    “Fan thusa annsin ag an doras agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nuala Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Róise Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    42
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal