School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 245
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar bhi dubhairt an mac leis gan eagla a bheith air nach rabh sé deacair sin a dhéanamh. Thoisigh sé agus rinne sé fear breighe amach as éadach agus chuir sé hata air. Nuair a mheas sé go rabh an rí i n-a luighe thug sé leis an fear bréige agus d'fág sé i n-a shuidhe i bhfuinneóg an riogh é. D'amharc an Rí amach agus shíl sé gurbh é an stocach a bhí ann. Bhi an gunna ar an tábla le n-a thaoibh agus thóg sé í agus sgaoil sé urchar leis an fhear a bhí i n-a shuidhe ins an fhuinneóig. Leag sé é agus dubhairt sé leis an mhnaoi go rabh sé marbh anois. "Anois," arsa an bhean leis, "An bhfeiceann tú caidé atá deánta agat? Caithfidh tú é a chur i n-áit éigin no béidh na daoine ag amharc air i n-a luighe marbh."
"Deánfaidh mé poll dó i mbun an gháraidh agus chuirfidh mé é." arsa an Rí.
D'éirigh sé agus chuaidh sé amach leis an uaigh a dheánamh. Nuair a fuair an buachaill amuigh é, isteach leis 'un na(continues on next page)