School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 246
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leabtha chuig an bhanrioghan agus chuaidh a chur i gcéill go rabh sé fuar. Shíl an bhanrioghan gurbh'é an rí an bhí ann agus d'fhiafruigh sí ar chuir sé an corp. Dubhairt an stocach ag déanamh aithrise at ghlór an rí gur chuir agus ar sé leis an bhean.
"Luigh siad annsin giota"
Rinne sise amhlaidh agus fad as bhi sise ag luighe siad bhi an buachaill ag tarraingt na braithlíne amach as fuithe. Thuit sise i n-a codhladh agus d'imthigh seisean amach an doras agus an bhraithlín leis. Annsin tháinig an rí isteach agus chuaidh sé ag éileamh go rabh sé fuar. Chuir an bhanrioghan ceist air caidé an [?] a bhí air. D'amharc an rí ar an leabaidh agus chonnaic sé an bhraithlin ar shiubhal agus bhi fhios aige san bhomaite gur b'é an stócach a ghoid í.
Nuair a tháinig an t-athair chuig n-a chuid oibre ar maidín lá thar na bhárach dubhairt an rí leis da mbuail(continues on next page)