Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Donegal
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 16
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Fáthach abhí ann shíl sé nach mbéadh duine ar bith ábalta aige. Bhí sé ag siubhal cois na fairrge lá agus chonnaic sé rud ag teacht anall thar na fairrge mar bheadh coilleadh ann.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sé ar Fionn an fhairrge a choimhead ar eagla go dtiocfadh fáthach mór eile anall. D'iarr sé air eisean a mhusgladh, buille dón bhata a bhualadh air i cead uair agus muna mosglocadh sin é an ordóg a chaitheamh dé leis an claidheamh abhí aige. Chonnaic Fionn an fáthach eile ag teacht agus b'éigean dó an ordóg a chaitheamh dón fáthach mór. Tháinic an fáthach eile anall. Rinne Fionn amach go gcuideochadh sé leis an fáthach a rann leis agus nuair a thosuigh siad ag troid rinne an fáthach mór a tháinig anall amach gurab é Fionn ba méasa. Fuair sé greim air agus chaith sé isteach i n-adharc na bolóige é. Tháinig Fionn aráis agus é báidhte agus thosuigh sé ag troid árais. Bhí sé ag tabhairt trioblóid dón fáthach mór seo aráis. Fuair an fáthach greim air agus chuir sé isteach faoi na bheilt é. Bhí sé guthairt leis faoin bheilt, bheir an fátach greim air araís agus chaith sé isteach 'san adharc é aráis. Bhí sé cor-a-bhéith marbh an t-am seo agus b'éigean do dhul na bhaile. Nuair a chuaidh sé na bhaile thosuigh sé a'innse dó'n bhean caidé mar tharlaidh thobar go mbéadh sé báidhte agus achán sórt. Dubhairt an bhean nár fhothruigh ort mar amadán, Dubhairt seiseán más é sin an truaigh atá agatsa damhsa ní innseochaidh mise níos mó duit.- Bailitheoir
- Seán Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Domhain Beag, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seosamh Mac Ghiolla Chearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Gleann Domhain Beag, Co. Donegal