Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 069
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- MADADH RUADHBíonn madadh Ruadh 'na comhnaidhe ins na coillte. Tá sé fíor chliste. Lá amháin bhí fear ag teacht as na Dúnaibh le malach sgadáín. Nuair a tháinig sé go dtí an chéidh atá ar an taobh eile de'n Maoil Ruaidh chonnaic sé madadh ruadh 'na luighe marbh annsin mar d'eadh. Nuair a bhí sé ag teacht treasna an Maoil Ruaidh chaith sé an madadh Ruadh isteach san bhád. Smaointigh sé go mbaineadh sé an croiceann de nuair a rachad sé aráis na bhaile. Nuair a tháinig sé go dtí an taobh seo de'n Maoil Ruaidh chaith sé na sgadáín agus an madadh ruadh isteach ins na cliabha. Nuair a d'amharc sé thart chonnaic sé go rabh an madadh ruadh ar siubhal agus cuid mhór de na sgadáín caillte. D'amharc sé giota maith na dhiaidh agus chonnaic sé an madadh ruadh ag cruinnuighadh na sgadáín agus ag rachtail ar siubhal leo. Thig sé thart fá na toighe ins an oidhche agus bheir sé ar shiubhal cuid mhór cearc agus lachan.
EASÓGDéirtear gur ainmhidhe fíor dholba an easóg. Da gcuirfhea fearg olc air tionntóchadh sé thart agus chuiread sé a ruball in a bheal agus chruinneochadh sé sgaifte easóg thart ort agus iosfadh siad tú.
GRAINNEÓG FHÉIRAinmhidhe fíor bheag is é an Ghrainneóg Fhéír. Bíonn a theach leis ar a dhruim i gcomhnaidhe. Tá cumhdach mór aige agus é lán dealg. Da gcaithfea(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chealachain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Láir, Co. Donegal