School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Teampall Ghallda atá i Ros na Cille anois. Bhí sé in a Shéipeál ag na Caitliocaigh i chead - uair acht baineadh díobhtha é. Tá tobar thall ins an Dumhaigh Mhóir darbh ainm tobar Naomh de Bheadóg. Níl paidir ar bith ag na daoine anois a bhaineann leis an Naomh.Ní bhaistear daoine ar bith de réir ainm an Naoimh ins an áít.Níl fhios ag na daoine cá h-uair a dtuiteann Féile an Naoimh seo. I gcolumhain an gheafta ins an Teampall Ghallda i Ros na Cille tá cloch agus dealbh cheann an Naoimh air. Bá ghnátach é a úsáíd mar shoitheach i gcomhair uisge choisreachta. D'fheach na Prodasdúnaigh le na bhriseadh acht chá dtiocfadh leó agus annsin d'fheach siad le h-aol a chur leis le na dheánamh comhthrom leis an chuid eile acht chá'n fhanfadh an t-aol suas dóbhtha. Tá an cloch ag gobadh amach ins an cholumhain go fóill.
- Naomh Méag patrún Fhanaid. Ní'l fhios ag na daoine ins an am i láthair an rabh mainistir nó teampall ar bith aige. Bhí naomh eile ann darbh(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- Cúl an Doire, Co. Donegal